Bhí gach duine eile ag imeacht agus shíl Joe gur mhaith leis féin imeacht fosta. Ba sin an chúis ar imigh sé go hAlbain ag obair phreátaí in Girvan ar £3.50 sa tseachtain. An lá a d’imigh sé; fuair sé an traein go Béal Feirste agus as sin chuaigh sé ar an bhád. Bhí scaifte maith fear i gcuideachta a chéile. In 1944 a bhí sin, bhíodh siad ag obair ar an 4 a chlog ar maidin leis na préataí a chur ar shiúl ar maidin. Bhí an cogadh ag gabháil ar aghaidh san am agus bhí rudaí iontach gann. Bhíodh sé réidh leis an obair sin ag a 1 a chlog agus théadh sé ag feirmeoir eile ag obair féir. Chuaigh sé as sin go North Berwick go feirm eile, deartháir den chéad fhear a bhí sé aige a bhí ansin. Bhí an botaí ina raibh siad ag fanacht ann garbh. Chaitheadh siad a dtocht a líonadh le cochán. Bhíodh píosa craic acu eatarthu féin san oíche. Ag an deireadh seachtaine bhíodh damhsaí acu. Chaith sé dhá bhliain thall in Albain agus ansin tháinig sé na bhaile.
Fad: 00:11:06 Éist
Chaith sé bliain sa bhaile agus ansin d’imigh sé leis go Oileán Mhanann. Obair éisc a bhí sé ag déanamh ansin agus obair feirmeoireachta, ní raibh dúil ar bith aige san obair éisc ach bhí an oileán galánta.
Fad: 00:04:46 Éist
Phill sé ar ais na bhaile agus ina dhiaidh sin in 1948, chuaigh sé féin agus Nóra, a bhean céile anois, go Glaschú. Bhí léir as Gaoth Dobhair in Cumberland Street i nGlaschú. Bhog siad go Pollokshields, go Kings Park agus go cúpla áit eile sula shocair siad.
Fad: 00:03:05 Éist
Na Gorbals – na tithe leanna agus an troid a bheadh ann ag an deireadh seachtaine gach oíche Shatharn. Thógadh na gardaí na hÉireannaigh agus phiocadh na gardaí orthu, ní raibh siad iontach féaráilte.
Bhí aithne aige ar athair Dhónaill.
Fad: 00:05:33 Éist